An 17 Aibreán agus an 19 Meitheamh eagrófar dhá sheimineár gréasáin, a thabharfaidh tuilleadh sonraí faoin togra. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an seimineár gréasáin, cliceáil anseo. Níl gá le clárú.
D’fhéadfadh comhlíonadh na rialacha maidir le cánachas gnó a bheith casta. Más mian le FBManna oibriú ar bhonn trasteorann, bíonn siad incháinithe i níos mó ná Ballstát amháin a luaithe a chruthaíonn a ngníomhaíocht thar lear buanbhunaíocht, rud a éilíonn comhlíonadh córas agus rialacha éagsúla cánach.
Baineann costais sheasta le comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin, rud a chruthaíonn bacainn a fhágann nach féidir le FBManna forbairt a dhéanamh i margaí eile, athinfheistiú ina ngnó ná foireann nua a earcú. Is amhlaidh an méid sin go háirithe i gcás cuideachtaí nua agus gnólachtaí nuathionscanta.
Faoin togra nua maidir le Cánachas Ceannoifige (HOT), bheadh FBManna trasteorann in ann a roghnú idirghníomhú le húdarás riaracháin cánach amháin i mBallstát amháin den Aontas — ceann a bhaineann leis an gCeannoifig — seachas iallach a bheith orthu roinnt córas cánach a chomhlíonadh.
Leis an togra ón gCoimisiún, méadófar an chinnteacht chánach agus laghdófar costais chomhlíonta, rud a chuideoidh chun infheistíocht agus leathnú trasteorann san Aontas a chothú.
Conas a oibreoidh an córas nua?
Dhéanfadh FBManna a dtoradh inchánach dá ngníomhaíochtaí uile a ríomh, ina bpríomh-Bhallstát (Ballstát na Ceannoifige) agus ina mbuanbhunaíochtaí uile san Aontas, gan ach rialacha cánach an Bhallstáit ina bhfuil a gCeannoifig suite a úsáid.
Chomhdódh siad tuairisceán cánach aonair amháin le húdarás riaracháin cánach an Bhallstáit sin.
Roinnfeadh an t‑údarás riaracháin cánach an tuairisceán sin leis na Ballstáit eile ina bhfuil an FBM i láthair.
Chuirfeadh Ballstát na Ceannoifige ráta cánach na mBallstát eile i bhfeidhm ar bhrabúis a d’fhabhraigh buanbhunaíocht na FBManna ansin agus aistreodh sé aon ioncam cánach a eascraíonn as sin.
Incháilitheacht, foirceannadh agus frith-mhí-úsáid
A luaithe a roghnóidh FBM na rialacha nua a chur i bhfeidhm, beidh air fanacht faoin gcóras sin ar feadh 5 bliana fhioscacha, ach amháin má athraíonn an Cheannoifig áit chónaithe idir an dá linn, nó má fhásann a ngníomhaíocht ghnó eachtrach go heaspónantúil i gcomparáid leis an ngníomhaíocht ghnó sa Bhallstát tionscnaimh. Sa chás sin, scoirfidh na rialacha d’fheidhm a bheith acu.
Beidh FBManna in ann a rogha a athnuachan gach 5 bliana gan teorainn fad agus go leanfaidh siad de chomhlíonadh na gceanglas incháilitheachta. Tá na forálacha incháilitheachta agus foirceanta sin ceaptha chun cleachtais pleanála cánach, a d’fhéadfadh a bheith ann, a dhíspreagadh, go sonrach aistriú na Ceannoifige chuig tír ísealchánach d’aon turas.
San am céanna, tá gach Ballstát fós inniúil maidir le hiniúchtaí ar bhuanbhunaíochtaí ina ndlínse agus is féidir leo iniúchtaí comhpháirteacha éigeantacha a iarraidh le Ballstáit eile freisin.
Na chéad chéimeanna eile
Ní mór do Bhallstáit uile an Aontais teacht ar chomhaontú d’aon toil sa Chomhairle maidir leis an togra ón gCoimisiún sula bhféadfar dlí a dhéanamh de.
Doiciméid reachtacha
Tuilleadh eolais
Ceisteanna agus Freagraí maidir leis an gCóras Cánach Ceannoifige do FBManna