Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Taxation and Customs Union

Rialuithe ar airgead tirim

  

tax-20-002-cash_control_factsheet-en-header.png

An mbeidh tú ag dul isteach san Aontas Eorpach nó á fhágáil tar éis an 3 Meitheamh le hairgead tirim nó le hítimí luachmhara áirithe dar luach EUR 10 000 nó níos mó?

Bí ar an eolas faoi na rialacha nuashonraithe!

Mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun ag an Aontas chun dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ní mór do gach taistealaí atá ag dul isteach ar chríoch an Aontais nó á fágáil dearbhú airgid thirim a líonadh isteach má tá EUR 10 000 nó níos mó ar iompar acu (nó a choibhéis in airgeadraí eile, bannaí, scaireanna nó seiceanna taistil). Tá de chumhacht ag na húdaráis chustaim daoine a sheiceáil chomh maith lena mbagáiste agus a modh iompair. Tá de chumhacht acu airgead neamhdhearbhaithe a choinneáil freisin.

Cad iad na hathruithe a bheidh ann ón 3 Meitheamh 2021?

1) Leathnófar an sainmhíniú ar ‘airgead tirim’ chun ítimí luachmhara áirithe eile a chuimsiú.

Is éard a chiallaíonn sin nach mór duit, ón dáta sin ar aghaidh, dearbhú airgid thirim a thaisceadh má tá luach EUR 10 000 nó níos mó (nó a choibhéis in airgeadraí eile) ar iompar agat i gceann amháin nó níos mó de na hítimí seo a leanas a chuimsítear faoin sainmhíniú nua ar airgead tirim, agus tú ag dul isteach san Aontas Eorpach nó á fhágáil:

  • Nótaí bainc agus boinn (airgeadra nach bhfuil i gcúrsaíocht ghinearálta a thuilleadh ach is féidir a mhalartú fós in institiúid airgeadais nó i mbanc ceannais),
  • Ionstraimí soshannta iompróra, mar shampla, seiceanna, seiceanna taistil, nótaí gealltanais agus orduithe airgid,
  • Boinn óir le cion óir 90 % ar a laghad,
  • Barraí, cnapanna nó meallta óir, le cion óir 99,5 % ar a laghad.

2) Féadfaidh na húdaráis chustaim a iarraidh anois go ndéanfar dearbhú nochta airgid a thaisceadh nuair a bhraitheann siad airgead tirim dar luach EUR 10 000 nó níos mó á seoladh tríd an bpost, trí lasta nó trí lastais chúiréara (airgead tirim neamhthionlactha). I gcás ina n-iarrtar sin, ba cheart don fhaighteoir, seoltóir nó ionadaí atá ceaptha le feidhmiú thar a gceann an dearbhú sin a dhéanamh laistigh de 30 lá. 

3) Leis na rialacha nua, tugtar údarú do na húdaráis chustaim gníomhú ar mhéideanna níos lú ná EUR 10 000 freisin i gcás ina léirítear go bhfuil baint ag an airgead le gníomhaíocht choiriúil.

Mura ndéanann tú dearbhú (nó dearbhú nochta nuair a iarrtar sin i gcás airgead tirim neamhthionlactha) a thaisceadh le haghaidh méideanna airgid dar luach EUR 10 000 nó níos mó, nó i gcás ina léirítear go bhfuil baint ag an airgead le gníomhaíocht choiriúil, d’fhéadfaí go gcoinneofaí an t-airgead tirim nó d’fhéadfaí go ngearrfaí pionóis ort. Sa dearbhú airgid thirim féin, déantar eolas mionsonraithe faoi fhoinse eacnamaíoch agus úsáid bheartaithe an airgid thirim a thaifeadadh.

Conas an dearbhú airgid thirim a líonadh isteach agus mé ag dul isteach san Aontas Eorpach nó á fhágáil le hairgead tirim dar luach EUR 10 000 nó níos mó?

Úsáideann na Ballstáit foirm dearbhaithe atá comhchuibhithe, nach mór duit a líonadh isteach i gceann de na teangacha atá ar fáil sa tír ina bhfuil tú ag dul isteach san Aontas Eorpach nó á fhágáil. Tá leaganacha tagartha den fhoirm ar fáil freisin i dteangacha nach teangacha de chuid an Aontais iad chun cuidiú le taistealaithe a ndearbhuithe a líonadh isteach.

Tá tuilleadh eolais, na foirmeacha a úsáidtear i ngach Ballstát agus leaganacha tagartha i dteangacha nach teangacha de chuid an Aontais iad ar fáil anseo. Tá foirmeacha ar fáil freisin ag na pointí trasnaithe teorann ag a bhfuil tú ag dul isteach san Aontas Eorpach nó á fhágáil.

Má tá airgead tirim ar iompar agat thar ceann gnólachta, ní mór ainm na gnólachta a shonrú sa dearbhú. Maidir le daoine atá ag taisteal i ngrúpa, tá feidhm ag an teorainn EUR 10 000 maidir le gach duine aonair. Tá feidhm ag an oibleagáid chun airgead tirim a dhearbhú i gcás mionaoiseach freisin, trína dtuismitheoirí nó trína gcaomhnóirí dlíthiúla, agus i gcás daoine atá faoi chaomhnóireacht trína n-ionadaí dlíthiúil.

Mura bhfuil tú cinnte cé acu atá ort nó nach bhfuil ort dearbhú a thabhairt, ba cheart duit comhairle a lorg ó na húdaráis inniúla ag an bpointe teacht isteach nó imeachta.

Cad iad na pionóis a ghearrfar i gcás neamh-chomhlíonadh na rialacha nó i gcás neamhdhearbhaithe?

Cé is moite den fhéidearthacht go gcoinneofaí an t-airgead tirim atá i gceist, féadfaidh gach Ballstát a phionóis féin atá ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’ a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí fíneálacha suntasacha a bheith san áireamh leis sin i gcás neamhdhearbhaithe.

Tá forálacha náisiúnta ann i roinnt Ballstát lena rialaítear airgead tirim a iompraítear idir na Ballstáit nó fiú laistigh d’aon Bhallstát amháin. Cé nach cuid de rialacha an Aontais iad na forálacha sin, molann an Coimisiún go láidir na hoibleagáidí atá ort a sheiceáil sula dtaistealaíonn tú.

Cad a tharlaíonn do na sonraí a thugaim sa dearbhú airgid thirim?

An t-eolas a thugtar sna dearbhuithe airgid thirim a bhaineann le gluaiseacht airgid thirim atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach nó ag dul amach as, stórálfaidh na húdaráis ábhartha é go ceann tréimhse 5 bliana sula scriosfar é.

Tarchuirfidh na Ballstáit sonraí chuig a nAonad náisiúnta um Fhaisnéis Airgeadais (FIUnna).

Eolas maidir le cásanna neamhdhearbhaithe, agus cásanna ina léirítear go bhfuil baint acu le gníomhaíocht choiriúil (méideanna níos lú ná EUR 10 000 ina measc), déanfaidh na Ballstáit eolas a mhalartú fúthu freisin. Roinnfidh siad eolas anaithnid faoi rioscaí agus torthaí anailíse riosca freisin.

I gcásanna áirithe ina léirítear go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ann do bhuiséad an Aontais, is féidir go roinnfear eolas áirithe leis an gCoimisiún Eorpach, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus le Europol.